1 I dtosach réim Iahóiácaím mhic Iósíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo [go Irimia] ón Tiarna:
2 “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.
3 B'fhéidir go n‑éistfidh siad agus go bhfillfidh gach aon duine óna dhrochshlí; má fhilleann, tiocfaidh aithreachas ormsa faoin olc atá ar intinn agam a dhéanamh orthu mar gheall ar a míghníomhartha.
4 Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n‑éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh,
5 trí aird a thabhairt ar bhriathra mo sheirbhíseach, na fáithe, a sheolaim chugaibh gan scor agus nár éist sibh leo,
6 déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”
7 Chuala na sagairt agus na fáithe agus an pobal uile Irimia ag rá na mbriathar sin i dTeampall an Tiarna.