Irimia 26:13-19 ABN

13 Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.

14 Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh.

15 Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”

16 Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”

17 D'éirigh roinnt de sheanóirí na tíre ina seasamh agus labhair siad le hoireachtas uile an phobail.

18 “Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna:Déanfar fearann treafa de Shíón,agus carnán bruscair de Iarúsailéim,beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’

19 “Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”