7 Chuala na sagairt agus na fáithe agus an pobal uile Irimia ag rá na mbriathar sin i dTeampall an Tiarna.
8 Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.
9 Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: ‘Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach’?” Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna.
10 Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.
11 Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: “Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.”
12 Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: “Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo.
13 Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.