1 I dtosach réim Zidicíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna.
2 Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.
3 Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.
4 Ordaigh dóibh a rá lena máistri: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí:
5 Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.
6 Tá na tíortha seo uile tugtha agam faoi láthair i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; thug mé dhó fiú na beithígh allta le fónamh dó.
7 Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.