11 An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin - a deir an Tiarna - saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”
12 Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.
13 Cad chuige a n‑éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine?
14 Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.
15 Óir ní mise a chuir uaim iad - a deir an Tiarna - tairngríonn siad bréaga i m'ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”
16 Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh.
17 Ná héistigí leo; géilligí do rí na Bablóine agus mairfidh sibh; cad chuige a bhfágfaí an chathair seo ina fásach?