12 Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.
13 Cad chuige a n‑éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine?
14 Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.
15 Óir ní mise a chuir uaim iad - a deir an Tiarna - tairngríonn siad bréaga i m'ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”
16 Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh.
17 Ná héistigí leo; géilligí do rí na Bablóine agus mairfidh sibh; cad chuige a bhfágfaí an chathair seo ina fásach?
18 Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim.