3 Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.
4 Ordaigh dóibh a rá lena máistri: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí:
5 Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.
6 Tá na tíortha seo uile tugtha agam faoi láthair i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; thug mé dhó fiú na beithígh allta le fónamh dó.
7 Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.
8 Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá - a deir an Tiarna - go dtuga mé ina láimh é.
9 Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n‑asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.