1 Is iad seo briathra na litre a chuir Irimia fáidh ó Iarúsailéim chun na seanóirí sin a tugadh ar deoraíocht, chun na sagart, na bhfáithe agus chun an phobail uile a rug Nabúcadnazar leis ar deoraíocht ó Iarúsailéim don Bhablóin.
2 Ba tar éis Iacoiniá an rí, an ríonmháthair, na seomróirí, maithe Iúdá agus Iarúsailéim, agus na gaibhne agus na ceardaithe a imeacht as Iarúsailéim é.
3 Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:
4 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, leis na deoraithe uile a tugadh ar shiúl ó Iarúsailéim don Bhablóin:
5 “Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí;
6 tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.
7 Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath,”