19 de bhrí nár éist siad le mo bhriathra - an Tiarna a labhraíonn - bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht - an Tiarna a labhraíonn.”
20 Ach, a dheoraithe uile a chuir mé ó Iarúsailéim don Bhablóin, éistigí briathra an Tiarna:
21 “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m'ainmse: ‘Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl.
22 Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.
23 Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”
24 Chuir Seamaiá as Nihealám litir uaidh féin
25 chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá: