22 Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.
23 Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”
24 Chuir Seamaiá as Nihealám litir uaidh féin
25 chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá:
26 “Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn.
27 Ós amhlaidh atá, cad chuige nár smachtaigh tú Irimia ó Anatót a dhéanann fáidh de féin daoibhse?
28 Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: ‘Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ ”