1 Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá:“Má scarann fear lena bheanagus go n‑imíonn sí uaidhagus go mbíonn sí ag fear eile,an bhféadann sí filleadh air arís?Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór?Agus tusa a rinne striapach díot féinleis an oiread sin leannán,an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.
2 Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach!An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat?Shuigh tú sna bealaí rompuar nós Arabaigh san fhásach.Tá an talamh truaillitheag do striapachas agus do chionta.
3 Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna,agus nach raibh fearthainn an earraigh ann.Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí,b'fhada uait lasadh agus náire.
4 Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm:‘rí athair liom, ó a chara m'óige!