13 Ach amháin admhaigh do chionta:an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhiagur imigh ag spallaíocht le strainséiríagus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.
14 “Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.
15 Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.
16 Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin - an Tiarna a labhraíonn - ní déarfaidh aon duine arís go deo: ‘Áirc chonradh an Tiarna’, ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.
17 Nuair a thiocfaidh an t‑am sin gairfear de Iarúsailéim: ‘Ríchathaoir an Tiarna’; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin.
18 Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.
19 Agus bhí mé ag ceapadh:Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac,agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn,an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile.Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom,agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.