2 Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach!An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat?Shuigh tú sna bealaí rompuar nós Arabaigh san fhásach.Tá an talamh truaillitheag do striapachas agus do chionta.
3 Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna,agus nach raibh fearthainn an earraigh ann.Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí,b'fhada uait lasadh agus náire.
4 Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm:‘rí athair liom, ó a chara m'óige!
5 An leanfaidh sé dá fhearg go brách,an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir túden pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”
6 Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?
7 Cheap mise: ‘Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.’ Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.
8 Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.