22 “Filligí, a mhaca mídhílse,leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.”“Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia.
23 Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda,mar an gcéanna le scléip na sléibhte.Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.
24 Shlog an rud náireach saothar ár n‑aithreachaónár n‑óige anall,a dtréada agus a dtáinte, a mic agus a n‑iníonacha.
25 Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn,óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia(sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu;agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”