9 Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.
10 Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”
11 Agus dúirt an Tiarna liom: “Is mó d'fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.
12 Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh:Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní bheidh strainc orm leat feasta,óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.
13 Ach amháin admhaigh do chionta:an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhiagur imigh ag spallaíocht le strainséiríagus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.
14 “Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.
15 Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.