1 An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna.
2 “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.
3 Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”
4 Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):
5 “Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe,guth eagla, agus ní guth síochána é.
6 Fiafraígí anois, meabhraígí:an mbíonn fir ag breith clainne?Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sinagus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona?Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?