10 Mar sin, ná bíodh eagla ort,a shearbhónta liom, a Iacóib,- an Tiarna a labhraíonn -Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael:féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin,agus do shliocht as tír a ndaoirse.Beidh Iacób arís i suaimhneasagus mairfidh go sóúil;ní chuirfidh aon duine eagla air.
11 Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil.Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uilemar ar scaip mé thú;ní chuirfidh mé críochnú ortsa,ach smachtóidh mé thú go measartha,le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.
12 Sea, is mar seo a deir an Tiarna:Tá do chneá doleigheasta,tá do lot gan cneasú.
13 Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí,níl luibh ná leigheas i ndán duit.
14 Rinne d'aos grá uile dearmad díot,ní iarrann siad níos mó thú.Sea, bhuail mé le buille namhad thú,buille neamhthrócaireach(mar gheall ar mhéid do chiontachtaagus ar iomadúlacht do pheacaí).
15 Cad chuige a n‑éagaoineann tú d'ainnise?Tá do phian doleigheasta.Rinne mé na nithe sin uile leat,mar gheall ar mhéid do chiontachta,agus ar iomadúlacht do pheacaí.
16 Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin,rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse,creachfar lucht do chreachta,agus gach aon dár airg thusa,tabharfaidh mise mar argain iad.