13 Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí,níl luibh ná leigheas i ndán duit.
14 Rinne d'aos grá uile dearmad díot,ní iarrann siad níos mó thú.Sea, bhuail mé le buille namhad thú,buille neamhthrócaireach(mar gheall ar mhéid do chiontachtaagus ar iomadúlacht do pheacaí).
15 Cad chuige a n‑éagaoineann tú d'ainnise?Tá do phian doleigheasta.Rinne mé na nithe sin uile leat,mar gheall ar mhéid do chiontachta,agus ar iomadúlacht do pheacaí.
16 Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin,rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse,creachfar lucht do chreachta,agus gach aon dár airg thusa,tabharfaidh mise mar argain iad.
17 Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat,agus leigeasfaidh mé do chréachtaí- an Tiarna a labhraíonn.Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot,‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’
18 Seo mar a deir an Tiarna:Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna,agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe;tógfar an chathair arís ar a carn féin,atógfar an daingean ar a láithreán.
19 Tiocfaidh astu amach buíochasagus glórtha daoine a dhéanann lúcháir.Déanfaidh mé líonmhar iad,agus ní bheidh laghdú orthu;déanfaidh mé glórmhar iad,agus ní bheidh siad faoi dhímheas.