14 Rinne d'aos grá uile dearmad díot,ní iarrann siad níos mó thú.Sea, bhuail mé le buille namhad thú,buille neamhthrócaireach(mar gheall ar mhéid do chiontachtaagus ar iomadúlacht do pheacaí).
15 Cad chuige a n‑éagaoineann tú d'ainnise?Tá do phian doleigheasta.Rinne mé na nithe sin uile leat,mar gheall ar mhéid do chiontachta,agus ar iomadúlacht do pheacaí.
16 Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin,rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse,creachfar lucht do chreachta,agus gach aon dár airg thusa,tabharfaidh mise mar argain iad.
17 Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat,agus leigeasfaidh mé do chréachtaí- an Tiarna a labhraíonn.Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot,‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’
18 Seo mar a deir an Tiarna:Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna,agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe;tógfar an chathair arís ar a carn féin,atógfar an daingean ar a láithreán.
19 Tiocfaidh astu amach buíochasagus glórtha daoine a dhéanann lúcháir.Déanfaidh mé líonmhar iad,agus ní bheidh laghdú orthu;déanfaidh mé glórmhar iad,agus ní bheidh siad faoi dhímheas.
20 Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód,beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair,agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.