17 Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat,agus leigeasfaidh mé do chréachtaí- an Tiarna a labhraíonn.Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot,‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’
18 Seo mar a deir an Tiarna:Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna,agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe;tógfar an chathair arís ar a carn féin,atógfar an daingean ar a láithreán.
19 Tiocfaidh astu amach buíochasagus glórtha daoine a dhéanann lúcháir.Déanfaidh mé líonmhar iad,agus ní bheidh laghdú orthu;déanfaidh mé glórmhar iad,agus ní bheidh siad faoi dhímheas.
20 Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód,beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair,agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.
21 Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu,as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir.Ligfidh mise dó teacht i mo láthairagus féadfaidh sé teacht i ngar dom;go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirtagus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.
22 Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa,agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.”
23 Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;