3 Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”
4 Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):
5 “Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe,guth eagla, agus ní guth síochána é.
6 Fiafraígí anois, meabhraígí:an mbíonn fir ag breith clainne?Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sinagus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona?Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?
7 Go deimhin is mór an lá é seo,ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis;is í uair bhuartha Iacóib í;ach sábhálfar aisti é.
8 “Ar an lá sin - Tiarna na Slua a labhraíonn - brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha.
9 Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.