1 “Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”
2 “Seo mar a deir an Tiarna:Fuair siad maithiúnas san fhásach,na daoine a chuaigh slán ón gclaíomh.Tá Iosrael ag tarraingt ar a scíth.
3 Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin:ghráigh mé thú le grá síoraí,ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.
4 Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú,a mhaighdean Iosrael.Beidh tú sciamhach arís,agus déanfaidh tú meidhir sa rincele do chuid tiompán.
5 Plandóidh tú fós fíonghoirtar shléibhte na Samáire(tá an phlandáil déanta ag lucht plandála;cnuasfaidh siad na torthaí).
6 Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht fairear shléibhte Eafráim:‘Éirígí! téimis suas go Síón,chun an Tiarna, ár nDia féin.’