10 Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha!Insígí é seo do na hoileáin in imigéin:‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é,cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’
11 Óir d'fhuascail an Tiarna Iacób,thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é.
12 Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón;baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna:cruithneacht agus ola agus fíon,caoirigh agus eallach;beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe;ní dhéanfaidh siad brón níos mó.
13 Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince,déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir];fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas;tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;
14 sásóidh mé mo shagairt le bia blasta,agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas- an Tiarna a labhraíonn.
15 Is mar seo a deir an Tiarna:Cluineadh guth i Rámá,caoineadh agus gol géar;is í Ráchael í ag caoineadh a clainnemar nach bhfuil siad ann.
16 Is mar seo a deir an Tiarna:Éirígí as bhur gcaoineadh,triomaígí bhur súile;déanfar bhur saothar a chúiteamh- an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.