13 Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince,déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir];fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas;tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;
14 sásóidh mé mo shagairt le bia blasta,agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas- an Tiarna a labhraíonn.
15 Is mar seo a deir an Tiarna:Cluineadh guth i Rámá,caoineadh agus gol géar;is í Ráchael í ag caoineadh a clainnemar nach bhfuil siad ann.
16 Is mar seo a deir an Tiarna:Éirígí as bhur gcaoineadh,triomaígí bhur súile;déanfar bhur saothar a chúiteamh- an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.
17 Tá dóchas ann do do shliocht;tiocfaidh do chlann mhac ar ais dá gcríocha féin.
18 Go deimhin cluinim éamh Eafráim:‘Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtúmar tharbh óg gan smacht;beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais;óir is tú an Tiarna mo Dhia.
19 Sea, d'iompaigh mé i leataobh,ach tháinig aithrí orm ó shin;tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht.Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann;sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’