17 Tá dóchas ann do do shliocht;tiocfaidh do chlann mhac ar ais dá gcríocha féin.
18 Go deimhin cluinim éamh Eafráim:‘Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtúmar tharbh óg gan smacht;beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais;óir is tú an Tiarna mo Dhia.
19 Sea, d'iompaigh mé i leataobh,ach tháinig aithrí orm ó shin;tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht.Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann;sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’
20 An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin?An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh,nach bhfuil uair dá mbagraím airnach ag cuimhneamh air a bhím,nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon,go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh?Is é an Tiarna a labhraíonn.
21 Cuir suas duit féin comharthaí bóthair,ardaigh clocha críche;tabhair suntas maith don tslí,an tslí ar imigh tú.Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael,tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.
22 Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis?Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh:Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”
23 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad:‘Go mbeannaí an Tiarna thusa,a choimín an chirt,a shliabh na naofachta!’