20 An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin?An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh,nach bhfuil uair dá mbagraím airnach ag cuimhneamh air a bhím,nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon,go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh?Is é an Tiarna a labhraíonn.
21 Cuir suas duit féin comharthaí bóthair,ardaigh clocha críche;tabhair suntas maith don tslí,an tslí ar imigh tú.Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael,tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.
22 Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis?Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh:Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”
23 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad:‘Go mbeannaí an Tiarna thusa,a choimín an chirt,a shliabh na naofachta!’
24 “Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada.
25 Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.”
26 Agus uaidhsean:Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam,agus ba shámh é mo chodladh.