27 “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.
28 Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.”
29 “Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó:‘D'ith na haithreacha caora searbha;agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.’
30 “Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.”
31 “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá),
32 ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.
33 Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.