Irimia 31:33-39 ABN

33 Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

34 Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”

35 An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá,an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche,a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl,an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:

36 “Dá n‑imeodh na reachta daingne seo as mo radharc- an Tiarna a labhraíonn -ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosraeló bheith ina chine i m'fhianaise go brách.

37 Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas,agus fuaimint na talún thíos a spíonadh,is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosraelar son gach a ndearna siad- an Tiarna a labhraíonn.”

38 “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.

39 Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghoá.