34 Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”
35 An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá,an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche,a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl,an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:
36 “Dá n‑imeodh na reachta daingne seo as mo radharc- an Tiarna a labhraíonn -ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosraeló bheith ina chine i m'fhianaise go brách.
37 Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas,agus fuaimint na talún thíos a spíonadh,is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosraelar son gach a ndearna siad- an Tiarna a labhraíonn.”
38 “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.
39 Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghoá.
40 Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”