4 Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú,a mhaighdean Iosrael.Beidh tú sciamhach arís,agus déanfaidh tú meidhir sa rincele do chuid tiompán.
5 Plandóidh tú fós fíonghoirtar shléibhte na Samáire(tá an phlandáil déanta ag lucht plandála;cnuasfaidh siad na torthaí).
6 Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht fairear shléibhte Eafráim:‘Éirígí! téimis suas go Síón,chun an Tiarna, ár nDia féin.’
7 Óir seo mar a deir an Tiarna:Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib!Tógaigí gártha do cheann na náisiún!Fógraígí! Molaigí! Gáirigí:‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’
8 Féach, tabharfaidh mé ar ais iadas an tír thuaidh,agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin;iad go léir, an dall agus an bacach,an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
9 Is le gol a d'imigh siad,tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.Óir táim i m'athair ag Iosrael,agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
10 Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha!Insígí é seo do na hoileáin in imigéin:‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é,cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’