2 San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá,
3 óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í,
4 agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis.
5 Tógfaidh sé Zidicíá don Bhablóin agus fanfaidh sé ansin (go dtaga mise ar cuairt chuige - an Tiarna a labhraíonn. Má tá go dtroidfidh sibh leis na Caildéigh ní bhéarfaidh sibh bua!)’?”
6 Dúirt Irimia: “Tháinig briathar an Tiarna chugamsa á rá:
7 Féach, tiocfaidh Hanamael mac Shealúm deartháir d'athar chugat agus déarfaidh: Ceannaigh duit féin mo gharraí in Anatót, óir is leat ceart a fhuascailte ar phraghas.
8 Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.