41 Gairdeoidh mé mar gheall ar mhaitheas a dhéanamh dóibh, agus plandóidh mé le barr dílse iad sa dúiche seo, le mo chroí agus le m'anam go hiomlán.’
42 Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Faoi mar a thug mé an t‑olc mór seo ar an bpobal seo, is mar sin a tabharfaidh mé orthu an uile mhaith dá ngeallaim dóibh.
43 Ceannófar tailte fós sa tír seo faoina n‑abrann tusa: Is talamh bánaithe í gan duine ná beithíoch; tugadh i láimh na gCaildéach í.
44 Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”