15 Sna laethanta sin agus san am sincuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréantafás suas do Dháiví,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.
16 Sábháilfear Iúdá sna laethanta sinagus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas.Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair:An Tiarna Ár bhFíréantacht.’
17 “Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael.
18 Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”
19 Tháinig briathar an Tiarna go Irimia.
20 “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n‑am féin,
21 ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.