2 “An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:
3 Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.
4 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís
5 rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m'fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m'aghaidh orthu mar gheall ar a n‑olcas.
6 Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.
7 Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.
8 Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh.