Irimia 33:7-13 ABN

7 Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.

8 Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh.

9 Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’

10 Is mar seo a deir an Tiarna: ‘San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís

11 guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn:Molaigí Tiarna na Slua,óir is maith é an Tiarna,óir maireann a bhuanghrá go brách.“Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’

12 Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.

13 I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é.