Irimia 34:13-19 ABN

13 “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Rinne mé conradh le bhur n‑aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann:

14 I gceann seacht mbliana ligeadh gach aon duine agaibh dá dheartháir Eabhrach, a díoladh libh, imeacht; tar éis sé bliana dó ina sclábhaí agat ligfidh tú dó imeacht saor uait. Ach níor éist bhur n‑aithreacha, ní thabharfaidís aird.

15 Anois, bhí intinn eile agaibh inniu agus rinne sibh an ceart i mo radharc, gach aon duine a fhógairt saoirse dá chomharsa; rinne sibh conradh i mo láthair sa Teampall a ghairtear i mo ainm.

16 Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m'ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’

17 “Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.

18 Agus na fir seo a bhris mo chonradh agus nár chomhlíon briathar an chonartha a rinneadh i mo láthairse, díolfaidh mé leo amhail an lao a ghearr siad le go dtriallfaidís idir na coda.

19 Maidir le prionsaí Iúdá agus Iarúsailéim, leis na coillteáin agus na sagairt, agus pobal uile na tíre a chuaigh idir coda an lao,