Irimia 34:15-21 ABN

15 Anois, bhí intinn eile agaibh inniu agus rinne sibh an ceart i mo radharc, gach aon duine a fhógairt saoirse dá chomharsa; rinne sibh conradh i mo láthair sa Teampall a ghairtear i mo ainm.

16 Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m'ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’

17 “Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.

18 Agus na fir seo a bhris mo chonradh agus nár chomhlíon briathar an chonartha a rinneadh i mo láthairse, díolfaidh mé leo amhail an lao a ghearr siad le go dtriallfaidís idir na coda.

19 Maidir le prionsaí Iúdá agus Iarúsailéim, leis na coillteáin agus na sagairt, agus pobal uile na tíre a chuaigh idir coda an lao,

20 tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.

21 Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh.