6 D'inis Irimia fáidh na briathra seo uile do Zidicíá rí Iúdá, in Iarúsailéim,
7 nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.
8 An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna tar éis don rí Zidicíá conradh a dhéanamh leis an bpobal uile in Iarúsailéim maidir le saoirse a thabhairt dá sclábhaithe:
9 go ligfeadh gach uile dhuine a sclabhaithe uaidh, idir fhir agus mhná, má ba Eabhraigh iad, ionas nach gcoinneodh Giúdach ar bith a dheartháir i ndaoirse.
10 Na prionsaí uile agus an pobal uile a chuaigh sa chonradh go ligfeadh gach aon duine dá sclábhaithe, idir fhir agus mhná, imeacht uaidh, agus nach gcoinneodh ina sclábhaithe iad níos mó, d'aontaigh siad agus lig saor iad.
11 Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig siad ar mhalairt aigne, thóg siad ar ais na sclábhaithe, idir fhir agus mhná, agus cuireadh faoi chuing arís mar sclábhaithe iad.
12 Mar sin tháinig briathar an Tiarna go Irimia: