13 D'inis Miocáia dóibh na briathra uile dár chuala sé nuair a léigh Barúch an scrolla in éisteacht an phobail.
14 D'aontaigh na feidhmeannaigh ansin Iahúidí mac Natainiá agus Sealaimiá mac Chúisi a chur go Barúch á rá: “Tar, agus beir leat an scrolla a léigh tú in éisteacht an phobail.” Thóg Barúch mac Néiria an scrolla mar sin agus tháinig chucu.
15 “Suigh síos,” ar siad, “agus léigh amach dúinne é.” Léigh Barúch é mar sin dóibh.
16 Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: “Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.”
17 D'fhiafraigh siad ansin de Bharúch: “Inis dúinn,” ar siad, “conas a scríobh tú na briathra seo uile.”
18 “Dheachtaigh Irimia dom iad lena bhéal,” d'fhreagair Barúch, “agus scríobh mise le dúch iad sa scrolla seo.”
19 Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: “Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.”