20 Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d'inis siad an scéal go léir don rí.
21 Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí.
22 Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh - ba é an naoú mí é - agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair.
23 Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach.
24 Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n‑éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.
25 D'iarr Ealnátán agus Daláiá agus Gamairiá ar an rí gan an scrolla a dhó, ach má iarr, ní eisteodh sé leo.
26 D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.