22 Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh - ba é an naoú mí é - agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair.
23 Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach.
24 Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n‑éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.
25 D'iarr Ealnátán agus Daláiá agus Gamairiá ar an rí gan an scrolla a dhó, ach má iarr, ní eisteodh sé leo.
26 D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.
27 Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia, tar éis don rí an scrolla a dhó agus na briathra a scríobh Barúch as béal Irimia:
28 “Glac chugat scrolla eile agus scríobh síos na briathra uile úd a bhí sa chéad scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá.