26 D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.
27 Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia, tar éis don rí an scrolla a dhó agus na briathra a scríobh Barúch as béal Irimia:
28 “Glac chugat scrolla eile agus scríobh síos na briathra uile úd a bhí sa chéad scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá.
29 Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?
30 Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.
31 Smachtóidh mise é féin agus a oidhrí agus a sheirbhísigh i ndíol a n‑éigeart; orthusan, ar chathróirí Iarúsailéim agus ar mhuintir Iúdá, tabharfaidh mé na hoilc uile a d'fhógair mé ina n‑aghaidh, bíodh agus nár éist siad.’ ”
32 Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.