4 Chuir Irimia fios ar Bharúch mac Néiria, agus scríobh Barúch, ó bhéal Irimia, gach briathar a labhair an Tiarna leis.
5 D'ordaigh Irimia ansin do Bharúch: “Ó táimse i bpríosún anseo ní féidir liom dul go Teampall an Tiarna;
6 ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte.
7 B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”
8 Rinne Barúch mac Néiria mar a d'ordaigh Irimia fáidh dó, briathra uile an Tiarna a léamh as an scrolla i dTeampall an Tiarna.
9 Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá.
10 Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.