12 gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin.
13 Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. “Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,” ar sé.
14 “Ní fíor sin!” a dúirt Irimia. “Nílimse ag dul do thaobh na gCaildéach.” Ach ní éisteodh Iríá le Irimia agus thóg i láimh é go dtí na feidhmeannaigh.
15 Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d'ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de.
16 Is mar sin a d'éirigh do Irimia a bheith i gcillín faoi thalamh. Agus d'fhan sé seal fada ann.
17 Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.
18 Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d'aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé?