10 D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.
11 Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia:
12 “Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.”
13 Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t‑ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu,
14 agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail.
15 Nuair a bhí sé i gCúirt an Gharda tháinig briathar an Tiarna go Irimia:
16 “Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d'fhianaise,