6 Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.
7 Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin.
8 Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.
9 Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
10 D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.
11 Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia:
12 “Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.”