11 San am sin déarfarleis an bpobal seo agus le Iarúsailéim:“Séideann gaoth dhóiteach as na harda loma san fhásachar iníon mo phobail,agus ní do cháitheadh ná do ghlanadh í.
12 Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar m'ordú.Anois is mé féin atá ar tíbreithiúnas a thabhairt orthu!”
13 Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta,is cosúil le camghaoth a charbaid,is mire a eachra ná iolair,is mairg dúinn, táimid caillte!
14 Nigh do chroí ó urchóidionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim.Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
15 Óir foilsíonn guth as Dán,ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim.
16 Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim:‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin;ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.
17 Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguairdfearacht lucht coimhéadta goirt,de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.