15 Óir foilsíonn guth as Dán,ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim.
16 Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim:‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin;ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.
17 Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguairdfearacht lucht coimhéadta goirt,de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.
18 Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort.Is í seo do chinniúint, agus is searbh í.Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”
19 Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh.Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala méfuaim an stoic agus dreasú an chatha.
20 Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.
21 Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?