19 Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh.Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala méfuaim an stoic agus dreasú an chatha.
20 Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.
21 Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?
22 “Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;níl aithne acu orm.Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
23 D'fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús;ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.
24 Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith;bhí na harda trí chéile ar bogadh.
25 D'amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann,agus theith éanlaith uile an aeir.