20 Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.
21 Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?
22 “Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;níl aithne acu orm.Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
23 D'fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús;ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.
24 Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith;bhí na harda trí chéile ar bogadh.
25 D'amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann,agus theith éanlaith uile an aeir.
26 D'amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach,bhí a bailte uile scriosta,i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.